Seachtain na Gaeilge – Dé Céadaoin — event image at The MAC
OTHERFree entry

Seachtain na Gaeilge – Dé Céadaoin

The MAC · 10 Exchange Street West, Belfast, BT1 2NJ

Wednesday 5 August · 10am

Directions

About

Seachtain na Gaeilge – Dé Céadaoin Imeachtaí ag Seachtain na Gaeilge Dé Céadaoin 5 Lúnasa 10rn-12.30in: Blaschúrsa Gaeilge Ollscoil Uladh Hosted by Ulster University, these Irish language classes are the perfect introduction for any one beginning their learning or just curious about the language. Suitable for complete beginners. - 10rn – 5in: Cupán agus Comhrá Bí linn sa chaifé san MAC gach lá le linn na Fleidhe. Cibé leibhéal Gaeilge atá agat, beidh fáilte romhat teacht isteach don chraic, don chomhrá agus don chomhluadar. Take a seat, grab a cupán and join the conversation. Speakers of all levels are welcome to join us at the MAC café for a relaxed chat, meet new people and use your Irish. Beatha teanga í a labhairt! - 10rn – 5in: Seomra Teaghlaigh Bain sult as seisiún ceoil traidisiúnta trí mheán na Gaeilge, scoth an cheoil, amhráin agus comhluadar i spiorad na Fleidhe. Music session through Irish, with tunes and good company in the spirit of the Fleadh. "Spás cruthaitheach sa MAC le súgradh, cruthú agus spraoi le chéile. Tar isteach, bí linn agus bain sult as ealaín, samhlaíocht agus comhluadar. " - 10rn: Ionad Uibh Eachach agus Ceathrú Cheoil na bhFál
 Blaiseadh ar obair Ionad Uibh Eachach agus Ceathrú Cheoil na bhFál, ag tacú le ceol, cultúr agus pobal i gceantar na bhFál.
Ceiliúradh ar thraidisiún ceoil bríomhar na háite agus ar na deiseanna cruthaitheacha a chuireann siad ar fáil do chách. A taste of the work of Ionad Uibh Eachach and Ceathrú Cheoil na bhFál, supporting music, culture and community in the Falls area. A celebration of the area's vibrant musical traditions and the creative opportunities they provide for all. An opportunity to try and instrument and find out more.
 - 1in: Teanga & Talamh Seo muid inár seasamh ar leac dorais chliseadh aeráide dochúlaithe. Tá leanbh le cloisteáil ina racht caointe. Tchítear lorg na tine ar aghaidh na dtithe. Drón ag dul thart os ár gcionn. Blás trom an mhiotail san aer. Agus seo muid inár seasamh ar leac dorais na coille. Boladh flúirseach an tsamhraidh inár srón. Feithidí ag luascadh san aer. Crónán gach dúil bheo. Port inár mbéal… Cén dóigh a thiocfadh leis an teanga radharc fairsing den talamh a thabhairt dúinn? Cén dóigh a labhraíonn an talamh fríd an teanga? Ag tarraingt ar an coincheap "amharc déshúileach", pléifidh Aoife de Bhál an nasc cómhalartach idir an teanga agus an talamh i comhthéacs na hÉireann agus i measc na bpobal dúchasacha ar fud an domhain. Sa chéad chuid den imeacht beidh cur i láthair á dhéanamh ag Aoife. Ina dhiaidh sin, beidh spás oscailte ann le cúrsaí teanga agus talaimh a phlé mar phobal. Is imeacht lán-Gaeilge é seo atá oiriúnach do dhaoine fásta agus déagóirí. Is as Bhéal Feirste ó dhúchas iad Aoife de Bhál agus is iad bunaitheoir na heagraíochta Fálróid. Is í sprioc na heagraíochta ná daoine de gach aois a nascadh leis an nádúr, an teanga agus an pobal fríd bia fiáin, ceird, agus foghlaim amuigh faoin aer. - 1in: Léacht le QUB I bhFolach i bhFocail: Léargas ar Stair an Phobail i bhFoclóir na Sean-Ghaeilge. An tOllamh Greg Toner - 1.15in: A Feeling in the Blood le Susan Hughes Ceol aonarach agus intreoir as Gaeilge le treoraí ó The MAC, Cían Dunne A Feeling in the Blood by Belfast based artist and fiddle player Susan Hughes is an exhibition across a range of media including video, sculpture and installation. Susan has travelled across Ireland having conversations with musicians, dancers, singers, researchers and archivists gathering stories from the rich and complex world of Irish music, song and dance. This exhibition presents some of the mystery, myth, obsession and collective transcendence she has encountered along the way. - 2in: An tSnáthaid Mhór Cailín Sinsear Bhéal Feirste Éalaíonn an Cailín Sinséir ó Mháire Áine agus imíonn léi ar rancás trí chathair Bhéal Feirste. Rógaire agus rinceoir atá róghasta dóibh go léir – don mhadadh, don fhrancach, don fhaoileán. Ar bhruach na habhann, in aice leis an Iasc Mór, castar madadh rua glic uirthi. An mbeidh sí in ann éalú an uair seo? Fáilte roimh chách chuig an imeacht scéalaíochta seo le An tSnáthaid Mhór. Out of St George's Market into Belfast City, the Gingerbread Girl runs away from wee Mary Ann. She's a rascal, she's a dancer, no one can catch her – not the dog, not the rat, not the gull. The wee Gingerbread Girl gets away from them all on her wild romp through Belfast. But near the Big Fish, the Gingerbread Girl meets a sly fox. Has her luck run out at last? Join the team at An tSnáthaid Mhór for this delightful bilingual storytime experience. - 2in: Ceardlann Scileanna Sorcas trí Ghaeilge Bain triail as scileanna sorcais spraíúla trí mheán na Gaeilge, ó chothromaíocht agus lámhcleasaíocht go gluaiseacht agus cruthaitheacht. Fáilte roimh gach aois agus leibhéal — tar linn chun scileanna nua a fhoghlaim agus spraoi a bheith agat. Circus skills workshop though Irish, balance, juggling, movement and creativity - everyone welcome! Fáilte roimh chách. - 2in: Seachtain Podcast Taifeadadh beo den phodchraoladh 'Seachtain' le hÁine Ní Bhreisleáin agus a cuid cairde. Live Broadcast of the 'Seachtain' podcast Fáilte roimh chách. Seachtain, An Indo as Gaeilge.

Current vibe at The MAC

Venue status

Report what it's like right now

How busy is it?

Confirm you're here

Reports are only accepted from people inside the venue area. Share your location to post — it's only used to check the distance.

Seachtain na Gaeilge – Dé Céadaoin live chatter

Heading along? Already there? Let people know what it’s like, ask questions, or share updates about this event.

Loading profile…

Seachtain na Gaeilge – Dé Céadaoin · The MAC · Belfast Fleadh Guide